Mór-íomhá thosaigh de Gheilleagar na gCruthaitheoirí

Geilleagar na gCruthaitheoirí

Nuair a chomhroinneann tú tuilleadh le cruthaitheoirí, ealaíontóirí agus cuideachtaí meán, is féidir leosan tuilleadh a chomhroinnt le daoine eile. Féach ar an mbealach ar chuir ár samhail comhroinnte ioncaim ar chumas éiceachóras rathúil de bhreis agus trí mhilliún duine airgead a thuilleamh trí YouTube.

An chaoi ar chuir YouTube tús le geilleagar na gcruthaitheoirí

In 2007, bhí smaoineamh radacach ag YouTube – cad a tharlódh dá dtuillfeadh cruthaitheoirí fíorsciar den luach a chruthaíonn siad? Trí bhreis agus leath den ioncam fógraíochta agus síntiúis a thabhairt go díreach do chruthaitheoirí, ealaíontóirí agus cuideachtaí meán, chuir YouTube na bacainní traidisiúnta iontrála díobh. Thug sé sin an deis d'aon duine gnólacht agus branda a fhorbairt trí aschur cruthaitheach chun ioncam a ghiniúint a dhéanamh den mhéid is breá leo.

Athinfheistítear sciar suntasach den ioncam eile ar ais in YouTube go leanúnach, lena gcinntítear go mbíonn uirlisí ardchaighdeáin táirgthe, dáilte agus brabúis ag cruthaitheoirí i gcónaí.

Fiche bliain ina dhiaidh sin, tá samhail uathúil comhroinnte ioncaim YouTube fós dosháraithe, agus í mar bhun le héiceachóras iomlán nua de ghnólachtaí cruthaitheacha.

Íomhá de Gheilleagar na gCruthaitheoirí

An chaoi a n-oibríonn samhail ghnó YouTube

Sníonn ioncam ó fhógróirí agus ó ghnólachtaí síntiúis isteach san ardán YouTube agus isteach inár lucht féachana de 2B breathnóir.

Téann 55% go díreach chuig cruthaitheoirí, ealaíontóirí agus cuideachtaí meán trí Chlár Comhpháirtíochta YouTube agus eascraíonn toradh cuilitheach as sin ar an ngeilleagar i gcoitinne.

Ath-infheistítear sciar suntasach den 45% eile ar ais sa ghnólacht chun YouTube a choinneáil ag feidhmiú ar an leibhéal is airde.

Ba é YouTube an
2ú ranníocóir ba mhó maidir le cruthú ábhair
i dtéarmaí caiteachais ábhair in 2024 agus d'íoc sé breis agus $32B le comhpháirtithe ar fud an domhain.
Léigh an tuairisc iomlán anseo
Foinse: Tuairisc "Money in Motion" le KPMG, Meán Fómhair 2025

An chaoi a n-oibríonn Clár Comhpháirtíochta YouTube

Is é an Clár Comhpháirtíochta YouTube an chaoi a dtuilleann cruthaitheoirí, ealaíontóirí agus cuideachtaí meán ar an ardán.

A luaithe atá 500 síntiúsóir sroichte ag cruthaitheoir, beidh sé/sí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar Chlár Comhpháirtíochta YouTube. Agus an cruthaitheoir glactha isteach sa chlár agus 1,000 síntiúsóir sroichte aige/aici – díghlasálfaidh sé/sí ioncam fógraíochta agus tosóidh sé/sí ag tuilleamh 55% de na fógraí a thaispeántar ar a c(h)uid físeán + síntiús YouTube Premium.

Tá ocht mbealach eile* ag cruthaitheoirí, ealaíontóirí agus cuideachtaí meán chomh maith chun brabús a dhéanamh ar YouTube – agus gach bealach acu bunaithe ar a bhfuil ceart dá ngnólacht agus dá spriocphobal.

*Éagsúil de réir na tíre
10 mbealach chun airgead a thuilleamh
Ioncam fógraíochta
Síntiúis Premium
Sárchomhrá
Sárbhuíochas
Bronntanais
Sárghreamáin
Comhpháirtíochtaí Cruthaitheora YouTube
Ticéadú
Ballraíochtaí Cainéil
YouTube Shopping

Is é an toradh a eascraíonn as sin ná éiceachóras rathúil de
bhreis agus 3 mhilliún duine a thuilleann airgead trí YouTube

An chaoi a spreagann YouTube tionchar domhanda agus áitiúil

Cothaíonn ár samhail ghnó éiceachóras cruthaitheoirí rathúil ar leibhéal domhanda agus áitiúil, agus cruthaitheacht á tiontú aici ina hioncam suntasach trí fhógraíocht, síntiúis agus tuilleadh eile.

Féach ar an gcuma atá air sin ar leibhéal áitiúil
Tionchar Domhanda
50%

Ar fud an domhain – i measc na gcainéal i gClár Comhpháirtíochta YouTube lenar tuilleadh suim 5 fhigiúr nó níos mó (in USD) ar YouTube in 2024, is ó fhoinsí taobh amuigh d'fhógraí agus YouTube Premium a tuilleadh ioncam i leith níos mó ná 50% acu.

Foinse: Sonraí Inmheánacha YouTube, Ean–Noll 2024

An chéad ghlúin eile de chuideachtaí meán

Tá cruthaitheoirí de chuid YouTube ar fud an domhain ag baint úsáid as samhlacha nua léirithe, ag tógáil stiúideonna chun a gcáilíocht léirithe a fheabhsú agus ag fiosrú bealaí nua cruthaitheacha. Tá páirc imeartha iomlán nua á cruthú acu don tsiamsaíocht agus do na gnólachtaí atá taobh thiar díobh – agus í ar fad ina thoradh ar Chlár Comhpháirtíochta YouTube. Faigh amach an chuma atá ar an éiceachóras nua sin de ghnólachtaí cruthaitheacha sna físeáin thíos.

Tuilleamh cruthaitheoirí a chosaint

Chun a chinntiú go gcosnaímid an t-éiceachóras cruthaitheoirí rathúil seo, tá tacar de pholasaithe brabúis againn a cheanglaítear ar gach ball de Chlár Comhpháirtíochta YouTube a leanúint.

Féach thart ar thuilleadh

Míniúchán ar Chlár Comhpháirtíochta YouTube
12 Cruthaitheoirí atá ag Teacht Chun Cinn ag tuilleamh le YouTube Shopping
Thar an bhFráma: An chaoi a sainmhíníonn Breathnóirí cáilíocht ábhair
Todhchaí lán de dheiseanna, arna Déanamh ar YouTube