Moltaí

Ceanglaíonn córas moltaí YouTube na billiúin daoine ar fud an domhain le hábhar a spreagann, a mhúineann agus a thugann siamsaíocht ar chaoi uathúil. Ar an ábhar go bhfuil nósanna féachana ar leith ag gach aon duine, is é an príomhról atá ag moltaí ná riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh trí chabhrú le daoine teacht ar na físeáin a dteastaíonn uathu féachaint orthu agus a thabharfaidh luach dóibh.

Moltaí ar YouTube

Ag an leibhéal is airde, tá ár gcóras moltaí deartha chun riachtanais úsáideora a réamh-mheas agus a chomhlíonadh chun luach a chur chun cinn trí eispéiris féachana úsáideora atá ábhartha agus sásúil. Cabhraíonn sé linn é sin a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir ach tuiscint a bheith againn ar iompraíocht féachana úsáideora, na rudaí is maith leis/léi, na rudaí nach maith leis/léi, a s(h)íntiúis agus a (h)aiseolas, lena n-áirítear aiseolas ó shuirbhéanna sástachta. Agus díreach mar atá sé ar Chuardach, measaimid cáil agus cáilíocht an chainéil chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi, an uair agus cé chuige ar féidir an t-ábhar a thabhairt agus bainimid úsáid as meastóirí seachtracha chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh an gnáthbhreathnóir féachaint ar an ábhar chun a chinntiú go mbíonn eispéireas ardchaighdeáin ag úsáideoirí.

Tá a fhios againn chomh maith nach dteastaíonn sé ó gach aon duine a bheith logáilte isteach i gcónaí ná a bhfaisnéis a chomhroinnt linn, mar sin de d'fhorbraíomar rialuithe a chabhraíonn le daoine cinneadh a dhéanamh maidir le líon na sonraí a dteastaíonn uathu a thabhairt. Is féidir le húsáideoirí stair na gcuardach agus na féachana YouTube acu a chur ar sos, a chur in eagar nó a scriosadh i gcónaí nuair a theastaíonn sé sin uathu.

Is féidir leat teacht ar mholtaí ar obair in dhá phríomháit ar YouTube:

An Leathanach Baile
An Painéal Ina Dhiaidh Seo

An Chaoi a nArdaíonn YouTube Faisnéis Ardchaighdeáin

Maidir le topaicí ina bhfuil cruinneas agus ardchaighdeán ríthábhachtach – amhail nuacht, airgeadas pearsanta agus faisnéis leighis agus eolaíochta – ardaímid na guthanna ardchaighdeáin trí réimse uirlisí a úsáid. Seo an chuma a d'fhéadfadh a bheith air:

Torthaí Cuardaigh
Físeáin a Mholtar
Scéala Úr ag Teacht Isteach
Barrscéalta
Faisnéis Sláinte

An Chaoi a gCuireann YouTube Comhthéacs Breise ar Fáil

Chun tuilleadh comhthéacs a thabhairt maidir le himeachtaí, topaicí agus foilsitheoirí áirithe, bainimid úsáid as painéil faisnéise ar fud YouTube, a bhféadfadh cuma den chineál seo a bheith orthu:

Maoiniú rialtais nó poiblí le haghaidh foilsitheoirí nuachta
Maoiniú rialtais nó poiblí le haghaidh foilsitheoirí nuachta

Déanann painéil faisnéise ar Leathanach féachana an fhíseáin é níos éasca d'úsáideoirí rochtain a fháil ar chúlra eagraíochta.

Ábhar athraithe nó meáin shintéiseacha
Ábhar athraithe nó meáin shintéiseacha

Ceanglaímid ar chruthaitheoirí ábhar réalaíoch a dhéantar le meáin athraithe nó shintéiseacha a nochtadh, lena n-áirítear ábhar a rinneadh le IS Giniúnach agus ansin taispeántar lipéid ar an bhfíseán nó ina chur síos.

Féach thart ar thuilleadh

Córas moltaí YouTube
Moltaí agus torthaí cuardaigh a bhainistiú
Sonraí a bhainistiú in YouTube