Toghcháin

Tagann úsáideoirí ar fud na cruinne chuig YouTube chun nuacht agus faisnéis a fháil maidir le toghcháin – ó fhaisnéis iontaofa maidir le vótáil, iarrthóirí agus torthaí toghcháin a aimsiú go rochtain a fháil ar imeachtaí beo a bhaineann le toghcháin – amhail díospóireachtaí agus clúdach imeachta toghcháin.

An chaoi a gCeanglaíonn YouTube Daoine le hÁbhar Toghchán

Táimid tiomanta do dhaoine a cheangal le hábhar toghcháin atá iontaofa agus do rochtain éasca ar mhórimeachtaí beo toghcháin a chinntiú fós do spriocphobal leathan ar ár n-ardán.

An Chaoi a nOibríonn Polasaithe YouTube maidir le Toghcháin

I bhfianaise nádúr domhanda ár n-ardáin, forbraítear ár bpolasaithe agus córais toghcháin agus cuirtear iad i bhfeidhm le dearcadh domhanda – cuirtear ár dTreoirlínte Pobail i bhfeidhm ar fud teangacha agus logchaighdeán, agus ceanglaíonn ár gcórais vótálaithe ar fud na dtíortha ar fad ina n-oibrímid le nuacht agus faisnéis ardchaighdeáin maidir leis na toghcháin is ábhartha dóibh.

Nuair a chuardaíonn úsáideoirí ábhar toghchán ar YouTube nó nuair a fhéachann siad air, cuireann ár gcóras moltaí ábhar ardchaighdeáin ar fáil go soiléir i dtorthaí cuardaigh, ar an leathanach baile agus sa phainéal "Físeáin a Mholtar". Ar an gcaoi sin, ceanglaítear vótálaithe le hábhar ardchaighdeáin ó fhoinsí éagsúla nuachta. Ina theannta sin, chun rochtain ar ábhar beo a bhaineann le toghcháin a leathnú, is féidir go mbeidh beoshruthanna de mhórimeachtaí beo a bhaineann le toghcháin – amhail díospóireachtaí agus clúdach imeachtaí toghcháin – le feiceáil ar do leathanach baile nó ag barr do thorthaí cuardaigh nuair a chuardóidh tú le haghaidh físeáin a bhaineann le himeachtaí beo i dtoghcháin náisiúnta áirithe.

Faisnéis Chathartha agus Toghcháin a Ardú

Sa bhreis ar ár ngnéithe táirge a bhíonn ar siúl i gcónaí, is féidir go seolfaimid iarrachtaí breise chun faisnéis a thógáil le linn príomhimeachtaí cathartha agus toghcháin. Seo an chuma a d'fhéadfadh a bheith orthu sa táirge le linn timthriall toghcháin:

Painéal faisnéise maidir le hiarrthóir
Painéil faisnéise vótála
Painéil faisnéise maidir le torthaí toghcháin

Is féidir go mbainfimid ábhar a bhaineann go sonrach leis an méid seo a leanas:

1
Vótálaithe a chosc

Coiscimid ábhar a bhfuil sé mar aidhm aige vótálaithe a chur ar míthreoir maidir leis an am, leis an áit, leis an gcaoi nó leis na ceanglais incháilitheachta le haghaidh vótála, nó maíomh bréagach a d'fhéadfadh an vótáil a dhíspreagadh go hábhartha.

2
Pearsanú

Ní cheadaítear ábhar a bhfuil sé mar aidhm aige duine nó cainéal a phearsanú, amhail iarrthóir polaitiúil nó a p(h)áirtí polaitiúil.

3
Incháilitheacht Iarrthóirí

Coiscimid ábhar a thacaíonn le maíomh bréagach maidir leis na ceanglais incháilitheachta theicniúla d'iarrthóirí polaitiúla reatha agus d'oifigigh rialtais thofa reatha chun dul i mbun oifige. Bíonn na ceanglais incháilitheachta a mheastar bunaithe ar an dlí náisiúnta is infheidhme agus áirítear leo aois, saoránacht nó stádas beatha.

4
Gríosú chun cur isteach

Ní cheadaítear ar YouTube ábhar a spreagann daoine eile chun cur isteach ar phróisis dhaonlathacha, agus áirítear leis sin bac a chur ar nósanna imeachta vótála nó cur isteach orthu.

5
Ábhar ionramháilte

Ní cheadaítear ar YouTube ábhar a ionramháladh go teicniúil nó a ndearnadh dochtúireacht air ar bhealach atá mar bhonn le húsáideoirí a chur ar míthreoir (sa bhreis ar ghearrthóga a úsáidtear sa chomhthéacs mícheart de ghnáth) agus a d'fhéadfadh baol tromchúiseach de dhochar uafásach a chruthú.

Aithnímid chomh maith go bhfuil gá le cothromaíocht chúramach i gcás ábhar atá dírithe ar thoghcháin, ag cinntiú go dtugaimid deis chun plé polaitiúil láidir a dhéanamh, agus mar gheall air sin d'fhéadfadh sé in amanna go mbeadh cead ag ábhar a sháródh ár bpolasaithe de ghnáth fanacht ar YouTube má tá comhthéacs Oideachasúil, Faisnéiseach, Eolaíoch nó Ealaíonta (EDSA) ann.

I gcásanna áirithe, is féidir go ndéanfaimid eisceachtaí EDSA bunaithe ar spéis ón bpobal. Is féidir go n-áireofaí leis sin, mar shampla, ábhar amhail iarrthóirí polaitiúla náisiúnta i mbun toghchánaíochta.

An chaoi a bhfuil YouTube ag Dul i nGleic le hÁbhar Toghcháin arna Ghiniúint ag IS

De réir mar a éiríonn IS níos sofaisticiúla, is féidir go mbeidh sé dúshlánach do bhreathnóirí idirdhealú a dhéanamh idir fíorábhar agus ábhar sintéiseach.

Seo an chaoi a bhfuilimid ag dul i ngleic leis sin:

Lipéadú

An Chaoi a mBainistíonn YouTube Brath Luath

Oibrímid chun ábhar a sháraíonn ár bpolasaithe a bhaint chomh luath agus is féidir trí fhanacht chun tosaigh ar fhadhbanna atá ag teacht chun cinn sula sroicheann siad ár n-ardán nó sula mbíonn siad le feiceáil go forleathan ar ár n-ardán. Déanann ár nDeasc Faisnéise monatóireacht ar threochtaí nua a bhaineann le hábhar agus braitheann sé na treochtaí sin, lena n-áirítear ábhar míchuí agus iompraíochtaí achrannacha.

Oibríonn Muinín agus Sábháilteacht YouTube agus Grúpa Anailís ar Bhagairtí Google (TAG) le chéile chun oibríochtaí tionchair comhordaithe a aithint ar YouTube agus a gcuid cainéal agus cuntas a fhoirceannadh – lena n-áirítear haiceáil a bhfuil tacaíocht rialtais aici ar cuspóir léi cur isteach ar phróisis toghcháin. Trí TAG, comhroinnimid faisnéis, dea-chleachtais agus faisnéis maidir le bagairtí le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus le comhpháirtithe tionscail.

An Chaoi a nOibríonn Fógraíocht Pholaitiúil ar YouTube

Oibríonn ár dTreoirlínte Pobail, ár dTreoirlínte maidir le hÁbhar atá Oiriúnach d'Fhógróirí agus ár bPolasaithe Google Ads le chéile chun eispéireas sábháilte agus dearfach a chinntiú dár n-úsáideoirí, dár gcruthaitheoirí agus dár bhfógróirí agus chun an t-ábhar a thaispeántar i bhfógraí ar fud Google a rialú – lena n-áirítear YouTube.

Féach thart ar thuilleadh

Na laethanta roimh Thoghchán SAM 2024
Na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa 2024 ar YouTube
An chaoi a bhfuil YouTube ag tacú leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa 2024
Tacú le toghchán Stáit Aontaithe Mheiriceá 2024