Nuacht

Is ar iontaoibh YouTube a théann an saol mór chun teacht ar eispéiris nuachta chuimsitheacha agus tharraingteacha, ó réimse daoine a bhfuil dearcthaí agus tuairimí éagsúla acu. Thógamar éiceachóras nuachta rathúil a chumasaíonn gnólachtaí nuachta le huirlisí ionas gur féidir leo tacú le hiriseoireacht d'ardchaighdeán agus ceangal le spriocphobail.

Téann breathnóirí i muinín YouTube le fáil amach faoin saol mór, lena ndearcthaí féin a fhorbairt agus le cinntí feasacha a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna a bhfuil spéis acu iontu.

An Chaoi a Soláthraíonn YouTube Nuacht

Tá an borradh domhanda atá faoi shruthú agus ábhair faoi stiúir cruthaitheora tar éis bunathrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear daoine ar an eolas agus ar na daoine a threoraíonn an plé a mhúnlaíonn an tsochaí, an cultúr agus an pholaitíocht. I dteannta foilsitheoirí nuachta seanbhunaithe tá éagsúlacht daoine ann anois a bhfuil méadú fúithi – iriseoirí neamhspleácha, cruthaitheoirí agus podchraoltóirí – atá ag tabhairt isteach meascáin úra de thuairisciú, de thráchtaireacht agus d'iriseoireacht mhínitheach a bhfuil tóir ag spriocphobail an lae inniu orthu.

Tá YouTube ar thús cadhnaíochta san athrú sin agus é ag cur ardán nuachta atá bunaithe ar fhíseáin ar fáil ar a dtairgtear éagsúlacht leathan dearcthaí, ar fud na bhformáidí agus na meán idirghníomhach is tarraingtí – ó fhíseán fada go teilifís cheangailte agus podchraoltaí.

An Chaoi a nArdaíonn YouTube Scéalta Nuachta d'Ardchaighdeán

Cabhraíonn ár dtáirgí le húsáideoirí teacht ar na scéalta agus ar an bhfaisnéis atá uathu – ó cheannlínte agus imeachtaí náisiúnta go tuairisciú grinn faoi threochtaí domhanda agus faoi pholaitíocht dhomhanda.

13B+

Le linn na chéad ráithe de 2025, breathnaíodh ar ábhar nuachta d'ardchaighdeán ar YouTube ar fud an domhain níos minice ná 13 billiún uair ar an meán in aghaidh na míosa ar Theilifíseáin Cheangailte.

Foinse: Sonraí inmheánacha YouTube, 2025

Leathanach do bhreathnú ar nuacht
Seilf scéala úr ag teacht isteach
Seilfeanna barrscéalta

An Chaoi a dTacaíonn YouTube le hIriseoirí agus le Cruthaitheoirí Nuachta

Cuirimid réimse uirlisí agus acmhainní ar fáil chun cabhrú le hiriseoirí agus seomraí nuachta a n-ábhar a chruthú agus a chur i láthair do spriocphobal ar fud an domhain

.

Óstálann YouTube cláir chun tacú le scálú straitéiseach agus le hinbhuanaitheacht comhpháirtithe nuachta agus tairgeann sé tacaíocht thiomnaithe ónár bhfoireann agus deiseanna brabúis trí Chlár Comhpháirtíochta YouTube. Óir, téann rath na hiriseoireachta d'ardchaighdeán, agus é ann, chun tairbhe don tsochaí

.

Féach thart ar thuilleadh

Tara Palmeri on why journalism's future is independent
An méid atá á mhúineadh ag cruthaitheoirí dúinn faoi thodhchaí na nuachta ar YouTube