Agus muid ag dul i muinín cumais IS, teastaíonn uainn a
chinntiú go bhfuil na cosaintí agus na ráillí cosanta cearta
i bhfeidhm againn. Tá sé mar aidhm ag ár bpolasaithe agus ár
dtáirgí ábhair chruthaitheacha a chosaint agus a chumasú sa
ré IS agus an pobal YouTube a choinneáil sábháilte.
Mar is iondúil, tugann ár
dTreoirlínte Pobail
sainmhíniú ar na rialacha maidir le gach ábhar – lena
n-áirítear ábhar arna ghiniúint ag IS – ar YouTube. Tá
polasaithe sonracha againn chomh maith atá mar threoir dúinn
i dtaobh na caoi a bpléimid le hábhar IS, lena n-áirítear
lipéadú agus ceanglais maidir le faisnéisiú.
Chun cabhrú le breathnóirí a choinneáil ar an eolas faoin
ábhar a bhfuil siad ag féachaint air, ceanglaímid ar
chruthaitheoirí a nochtadh ar úsáideadh IS chun ábhar
réalaíoch a chur in eagar nó a ghiniúint ina bhfíseáin.
B'fhéidir go mbeadh lipéid le haghaidh ábhar IS
fótairéalaíoch agus ábhar IS a athraíodh go suntasach le
feiceáil ar an seinnteoir físeán i gcás fhíseáin Shorts, nó
díreach faoin bhfíseán i gcás físeáin fhada. I gcás
cineálacha eile ábhair IS, beidh an lipéad le feiceáil i
gcur síos an fhíseáin (m.sh., mioneagarthóireacht amhail
scagairí áilleachta, carachtair bheoite, srl.). Mura
nochtann cruthaitheoir gur bhain sé/sí úsáid as IS, ach má
bhraitheann ár gcórais gur bhain, b'fhéidir go gcuirfimis
lipéad leis an ábhar go huathoibríoch. Is féidir le
cruthaitheoirí na lipéid sin a bhainistiú in YouTube Studio,
ach ní féidir leo iad a bhaint má tá ardleibhéal muiníne ann
gur úsáideadh IS chun an t-ábhar a chruthú.
Rinneamar nuashonruithe ar ár gcaighdeáin phríobháideachais
chomh maith a fhágann gur féidir baint ábhair arna ghiniúint
ag IS nó ábhair shintéisigh nó ábhair athraithe eile a
ionsamhlaíonn duine inaitheanta, lena n-áirítear a
(h)aghaidh nó a g(h)uth, a iarraidh ach ár bpróiseas
iarratais príobháideachais a úsáid. Ní bhainfear gach aon
ábhar de YouTube agus cuirimid fachtóirí éagsúla san áireamh
agus na hiarratais sin á meas againn. Is féidir go
n-áirítear leis sin an bhfuil scigaithris nó aoir i gceist
leis an ábhar, an bhfuil an duine atá ag déanamh an
iarratais inaitheanta go huathúil nó an bhfuil oifigeach
poiblí nó duine aonair clúiteach ann; sa chás sin is féidir
go mbeidh caighdeán níos airde ann.