Cé na daoine ar a bhfuil sí dírithe?
Agus í ar fáil i níos mó ná 80 teanga, tá rochtain
ag gach aon sealbhóir ceart ar an bhfoirm
ghréasáin a d'fhorbraíomar mar chaoi chuíchóirithe
agus éifeachtúil chun iarratais bainte cóipchirt a
chur isteach.
**Cad é a dhéanann sé? **
Cuireann sealbhóirí ceart roinnt sonraí i dtaca
lena n-iarratas isteach, agus athbhreithníonn
YouTube an méid sin chun a fheiceáil an
gcomhlíonann sé ceanglais dlí maidir leis an ábhar
a tuairiscíodh a bhaint.
Tá rochtain ag sealbhóirí ceart ar ghnéithe
cumhachtacha, lena n-áirítear an cumas chun
iarraidh ar YouTube cosc uathoibríoch a chur ar
ath-uaslódáil cóipeanna den ábhar a baineadh.